Cén fáth go dtiocfainn go Corca Dhuibhne
1) Mar go bhfuil an dúthaigh chomh hálainn sin; tá cáil ar na radharcanna aoibhinne ó Bharr na Conrach, ó na cúig Mhám, ó Cheann Sléibhe gan trácht ar na Blascaodaí.
2) Tá tránna breátha sábhálta gainimhe ann - Tráigh Bhéal Bán, Tráigh Cheann Fionn trá, Tráigh an Choma agus tránna nach iad.
3) Tá sléibhte arda agus coma diamhra ann chun siúlóide agus sléibhteoireachta - Cnoc Bréanainn, Cruach Mhárthain, Sliabh an Iolair. Tá raidhse calaithe agus tránna ann do sheoltóireacht agus rámhaíocht i mbáid, i naomhóga, agus le háiseanna nua-aimseartha.
4) Tá ann áiseanna iascaireachta ar ar aibhnte, ar farraige, ar charraig agus ar thráigh, leat féin nó le hiascairí eile.
5) Tá an dúthaigh breac le hiarsmaí seandálaíochta ó gach aois, go háirithe an ré luath-chríostaí - Aragal Ghallarais, Cill Maokcéadair, Riasc, Cill na gColmán, Cosán na Naomh.
6) Is féidir turas a thabhairt ar na háiteanna ina rugadh agus a tógadh nó a mhair nó a d'oibrigh na filí, na scoláirí, na seanchaite, na scríobhneoirí, ne healaíontóirí, a bhfuil a n-ainm inairde sa bhaile agus i gcéin - Tomas Ó Criomhthain, Peig Saters & Harry Clarke m.s.m
7)Is féidir éisteacht le seisiúin cheoil agus a bheith páirteach iontu, ag amhrán, ag rince, nó ag seinm, i hallaí, i dtábhairní, i gcéilithe agus i dtithe muintire. Tá scoth an cheoil agus na n-amhrán le clos ó Mhuintir Bheaglaí, ó Mhaidhc Dainín Ó Sé, ó Eoghan Deignan agus ó cheoltoirí óga agus aosta.
8) Is féidir aithne a chus ar charactaeirí mar Na CaipinI, Jimmy an Yank, Tommy Ó Beoláin agus fir agus mná eile nach iad a bhfuil deisbhéalaíocht, seanchas agus nathaireacht ar a dtoil acu seachas togha na Gaeilge. |
|