101 Rud gur féidir a déanamh ó Bhaile na nGall (1) Tóg breá bog é, lig do scíth, bí buíoch do Dhia as a ghrástaí
(2) Súigh isteach aoibhneas agus aer úr na háite
(3) Mothaigh an draíocht tímpeall ort agus lig dó an strus a shú asat.
(4) Mothaigh an Spioradáltacht agus an éagsúlacht
(5) Éiet le teanga binn ársa na nGael
(6) Bí compordach sa timpealacht álainn ina bhfuilean tú.
(7) Cath siar piunt breá ar do shuimhneas
(8) Ith béile blasta i dTábhairne nú i mBialann.
(9) Bíodh comhrá deas agat le duine do mhuintir na háite.
(10) Luigh ar an dTrá fé teas na gréine
(11) Fair na leanaí ag imirt sna locháin sáile agus le gaineamh glan gléigeal.
(12) Téir ag snámh duit féin
(13) Fair na hIascairí ag tabhairt na bPíardóga, na nGliomach agus na bportán i dtír
(14) Faigh slat agus téir ag iascach tú féin
(15) Téir ar thuras farraige i mbád
(16) Tabhair turas ar Raidió na Gaeltachta suas an bothar uait
(17) Téir ag Spáisteóireacht cois cladaigh
(18) Tabhair tamall ag tumadóireact no triail snámh toinne ar chlár.
(19) Téir ag seoltóireacht ar chlár nú i mbád
(20) Fair na héanlaithe uasal farraige, An Gainéad ach go háirithe.
(21) Bí ag faire amach do Róinte, deilfeanna no Liamháin gréine
(22) Siúl na faillteacha álainne go hÁrda Mór agus an Dúinín
(23) Tarraing no tóg pictiúirí don áit
(24) Foghlaimigh logainmneacha an cheantair
(25) Foghlaimigh conas líon a dheisiú no conas pota gliomaigh a dhéanamh
(26) Ceannaigh uachtar reóite sa tSiopa no Siúl Trá na Muirí.
(27) Siúl smut do Shlí Chorca Dhuibhne atá ag dul thar bráid
(28) Siúl smut do Chosán na Naomh atá suas an bóthar uait.
(29) Téir go dtí an páirc Peile agus ar féach Réalta na linne seo ag imirt ann.
(30) Bíodh sé le rá agut go rabhais i gceann des na Clubanna is gaolaí sa Tír.
(31) Bain taithneamh as cluiche Rugby sa ghort Rugby is sia siar san E.U.
(32) Tá gort nua Socair leis again má tá spéis agat ann. Sa drochaimsir fair an fiántas
(33) Na tonntacha agus na borradhaí móra ag dul do dhroim an ché.
(34) Tóg is teach scéirdiúlacht na háite
(35) Féach ar mhaorgacht na farraige ag léiriú cumhacht ár dTiarna
(36) Cuir ort éadaí oirúnach agus téir ag siúl sa bhfiainteas
(37) Sa tráthnóna ith béile deas blasta i dTábhairne no i mBialann.
(38) San oíche éist le scéalta
(39) Éist le seisiún ceoil
(40) Can amhrán sa chomhludar
(41) Din set
(42) Seinn Port
(43) Buail le daoine agus dein comhrá leo
(44) Féach ar na Réiltíní
(45) Féach amach ar fharraige na hoiche
(46) Tabhair Póg dod Bhean céile / Fhear céile / pháirtnéar
(47) Póg do Chlann
(48) Fág slán aige do chomhludar agus na freastalaithe.
(49) Slán abhaile agus codladh sámh
(50) Tabhair Buíochas Mór do Dhia na Ghlóire as a thabhartaistí.
(51) Rud gur féidir a déanamh ó Bhaile na nGall
(1) Tabhair turas ar Séipéilín ársa Ghallarais ar mhaithe le'd'anam.
(2) Lean ort ar Chosán na Naomh go dtí Caisleán Meanaoiseach Ghallarais.
(3) As san téir go dtí Cathair Deargán 2200 Bl. d'aois, fós ar Chosán na Naomh.
(4) Tabhair turas ar Tigh a' tSeansailéara ar do shlí go dtí
(5) Cill Mhaolcéadar na Naomh, stop, fan ciuin, éist, mothaigh an Draíocht.
(6) Féach ar na h-iarsmaí ón seanashaol Críostaí sa Chill.
(7) Tá'n Leithinis lán de seana-íarsmaí tabhair turas ortha.
(8) Téir go barra Cnoc Bheannaithe Bhréanainn, tóg isteach na radharcanna.
(9) Tabhair tamall ag machnamh ar an Naofa agus a bheatha rathúil.
(10) Cuas a' Bhodaigh na Naomh, na Draíochta, na n-iascairí, na háilleachta.
(11) Cathair na bhFionnúrach agus Túr Bhaile Dháith
(12) Ná dearmúd Com a' Lochaigh álainn na gcloch agus na bhfaillteacha arda.
(13) Téir go Dún na nÓr an úafáis an tslada agus an mharaithe, fé bhun na dtriúr deirfér.
(14) No Caisleán Phiarais Firtéir, an Laoch, an File, fear na gcapall, an Saighdiúir.
(15) Tabhair bronntanas saoil duit féin agus do chairde, turas ar an mBlascaod Mór.
(16) Tabhair turas ar Ionad an Bhlascaoeid
(17) Ceannaigh cúpla leabhair mar gheall ar an mBlascaeod sa t-siopa san Ionad.
(18) Buail le cuid de shliocht an Bhlascaoeid
(19) Tá láthaireacha "Ryan's Daughter" go flúirseach sa cheantar seo.
(20) Tá Tráigh a'Choma, an Dún Mór agus ogham chloch DOVINIA ar a bharra.
(21) Téir tímpeall Ceann Sléibhe agus feic na Cathaireacha Maorga agus
(22) Na Clocháin slachtmhara i bhFán
(23) An Dún Beag sampla iontach de dhún chinn tíre, tóg sos ann.
(24) Tá "An Famine Cottage" le feiscint in aice leis, is fiú féachaint air.
(25) Marcaíoch Capaill
(26) Galf
(27) Turas ar Fungie, turas Eco.
(28) Seoltóireacht.
(29) Dúánaíocht as bád i mBaile na nGall no sa Daingean.
(30) Siúlióid Threoirithe
(31) Turas Treoirithe ar Bhus
(32) Crazy Golf.
(33) Féachaint ar Ainmhithe Feirme.
(34) Téir timpeall go dtí na Museums i mBaile n Fhirtéirigh, no i bhFionntrá.
(35) Ionad an Bhlascaéod
(36)An Díseart, spioradáltacht, cultúr, fuinneoga Harry Clarke, slad-mhargadh leabhar.
(37) An Uiscedán, éisc do gach sórt.
(38) Ionad Dreapadóireachta, is fiú dul ann.
(39) Téir ag Bolláil "Bowling Alley", tá linn snámh leis ann.
(40) Driving Range (Galf)
(41) Drámaíocht i dTeach Siamsa na Carraige agus sa Daingean
(42) Na Pictiúirí sa Phictiúrlann, gach oíche
(43) Ag Siopadóireacht, rogha iontach san áit seo.
(44)Téir go dtí Aifreann i gceann de na Séipéil álainne sa Leithinis
(45)Slad-mhargadh Louis Mulcahy, siopaí sa Daingean agus ar an nGráig.
(46) Ól piunt ar do shuimhneas i bPub, buail le daoine imir darts nú pool.
(47)Ól caifé agus tóg béile éagsúil ar do shuimhneas duit féin.
(48) Dein cúrsa Gaeilge sa Díseart no sa Chomhar Cumann
(49) Ith uachtar róite breá blasta déanta go háitiúl (Murphys Ice Cream)
(50) Triail cúrsa spioradálta fé threoir an Ath. Séamus Mac Shíthigh sa Díseart.
(51) Ní bhíonn aimsir olc, bíonn droch éadaí, éadach mí-oiriúnach ar dhaoine.
|
|